Leagan le haghaidh priontáil
Untitled document

  

Ahtbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann (ATU) na Náisiún Aontaithe - Timthriall 2

 

 

Iúil 2015

  

 Thosaigh an dara timthriall den phróiseas ATU i Márta 2012 agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Samhain 2016.  Mar cheann de na ballstáit dheireanacha a mbeidh scrúdú le déanamh orthu, tá Éire le teacht os comhair na Comhairle um Chearta an Duine i Seisiún 25, Aibreán-Bealtaine 2016.  Tá an dáta le deimhniú fós. Tá féilire iomlán na n-athbhreithnithe le fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine.

 

Tá ullmhúcháin ar siúl i dtaca le hÉire do dhul i ngleic le Timthriall 2 agus ationóladh an Coiste Idir-Rannach ar an ATU i Meitheamh 2015.  Ar an mórgóir díríonn Timthriall 2 ar chur i bhfeidhm na moltaí a rinne piar-bhallstáit sa chéad timthriall, agus beidh an dul chun cinn a rinneadh ar mholtaí ar ghlac Éire leo trasna na Ranna Rialtais iomchuí go léir ó foilsíodh ár dTuarascáil Eatramhach Náisiúnta dheonach, a cuireadh faoibhráid na Náisiún Aontaithe i Márta 2015, á scrúdú againn.  Déanfaimid aon fhorbairtí nua, aon nithe nua a baineadh amach agus aon saincheisteanna nua atá tagtha chun cinn ó bhí Timthriall 1 ann a bhreithniú freisin.

 

Bhí an comhairliúchán ina eochairghné luachmhar dár n-ullmhúcháin i gcomhair Thuarascáil Náisiúnta Thimthriall 1 agus beimid ag tabhairt go luath faoi thionscnamh chomhairliúcháin éagsúla chun bheith mar bhonn eolais do dhréachtú na chéad Tuarascála Náisiúnta eile de chuid na hÉireann, nach foláir a chur faoi bhráid na Náisiún Aontaithe faoin 25 Eanáir 2016.  Is cúis áthais dúinn, freisin, bheith rannpháirteach in imeachtaí comhairliúcháin sochaí sibhialta a mbeidh Comhairle na hÉireann um Shaoirsí Síbhialta agus Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas á n-óstáíl.

 

I gcomhair eolais chúlra ar Thimthriall 1, nó chun an chéad Tuarascáil Náisiúnta (2001) agus and Tuarascáil Eatramhach Náisiúnta (2014) a íoslódáil, téigh go dtí leathanach na dTuarascála ar an suíomh gréasáin seo, le do thoil.

 

Déanfar nuashonruithe ar Thimthriall 2 den ATU a phostáil anseo.

 

 

----------

  

 

Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann -

TUARASCÁIL NAISIÚNTA EATRAMHACH NA HÉIREANN

21 Márta 2014

  

Tá Tuarascáil Naisiúnta Eatramhach na hÉireann ar fáil anseo.

  

-----

  

PRÓISEAS COMHCHORMAIRLIÚCHÁIN AR AN GCOMHLACHT NUA UM CHEARTA AN DUINE AGUS COMHIONANNAS 

 

Tá an Gasra Oibre ar bhunú an Choimisiúin fheabhsaithe nua um Chearta an Duine agus Comhionannas ag lorg ionchuir agus smaointe ón tsochaí shibhialta, ó dhaoine den phobal agus ó dhaoine ar spéis leo todhchaí chearta an duine agus an chomhionannais in Éirinn, ar cheisteanna tábhachtacha a eascraíonn óna gcuid Téarmaí Tagartha (thíos). Cuideoidh an próiseas comhchomhairliúcháin seo chun eolas a chur ar fáil do bhreithniú an Ghasra Oibre ar na feidhmeanna, na gnéithe agus na tosaíochtaí a bheidh ag an gCoimisiún nua um Chearta an Duine agus Comhionannas.

 

Is iad seo a leanas na croícheisteanna a bhfuil comhchomhairle a déanamh ag an nGasra Oibre ina leith:

 

1.  Cad ba mhaith le daoine go ndéanfadh an comhlacht nua?

 

2.  Cad iad na gnéithe agus na feidhmeanna atá ag teastáil ón gcomhlacht nua chun na nithe sin a dhéanamh?

 

3.  Cén struchtúr ba chóir a bheith ag an gcomhlacht nua agus cad iad na modhanna oibre ba chóir dó a úsáid chun a bhfuil thuas a bhaint amach?

 

 

Tá beartaithe go mbeidh an Coimisiún nua bunaithe faoi dheireadh Fheabhra 2012. Ós rud é go bhfuil fráma ama chomh gairid sin ag an nGasra Oibre dá gcuid oibre, is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná Dé Céadaoin, 23 Samhain 2011, ar 5.30pm.

 

Ní ceart go mbeadh dréachtaí níos faide ná 1,500 focal agus is féidir iad a chur le ríomhphost chuig info@upr.ie.

 

Tá tuilleadh eolais le fáil ó Rúnaíocht an Ghasra Oibre, An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Urlár 2, Cearnóg an Easpaig, Cnoc Réamoinn, Baile Átha Cliath 2.

Teil: 01 4790225.

 

  

 

Nóta eolais:

 

Seo a leanas mionsonraí faoi bhallraíocht an Ghasra Oibre agus a dTéarmaí Tagartha:

 

Michael Whelan (Cathaoirleach)          

Michael Farrell            An Coimisiún um Chearta an Duine in Éirinn

Tom O Higgins           An Coimisiún um Chearta an Duine in Éirinn

Helen O Neill              An Coimisiún um Chearta an Duine in Éirinn

Lia O Hegarty             An Coimisiún um Chearta an Duine in Éirinn

Peter White                 An tÚdarás Comhionannais

Kieran Rose                An tÚdarás Comhionannais

Ellen Mongan              An tÚdarás Comhionannais

Betty O Leary             An tÚdarás Comhionannais

Diarmuid Cole            An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Tom Cooney               Sainchomhairleoir don Aire Shatter

 

 

 

Téarmaí Tagartha don Ghasra Oibre ar an gCoimisiún nua um Chearta an Duine agus Comhionannas

 

Tá an Rialtas tar éis cinneadh a dhéanamh gurb é an tslí is éifeachtaí chun an chomh-aidhm a bhaint amach i dtaca le cultúr urraime do chearta an duine agus don chomhionannas a thabhairt i gcrích ná trí Choimisiún nua, comhtháite agus neamhspleách um Chearta an Duine agus Comhionannas (CCDC) a chur ar bun. Coimeádfaidh an Coimisiún cumhachtaí agus dualgais reachtúla na gcomhlachtaí atá ann faoi láthair – mar shampla, an chumhacht chun tograí reachtacha a scrúdú.

 

Is é cuspóir an ghrúpa seo ná:

 

1. An dea-chleachtas i ngach eagraíocht a shainaithint, mar aon leis an struchtúr agus an próiseas trína bhféadfaidh an CCDC urraim do chearta an duine, comhionannas, éagsúlacht agus saoirse agus dínit an duine aonair a áirithiú; agus na cleachtais, más ann, i ngach eagraíocht ar gá athrú a dhéanamh orthu a shainaithint, mar aon leis na hathruithe a bheidh á moladh.

 

2. Feidhmeanna agus réimsí oibre na gcomhlachtaí atá ann faoi láthair agus atá le cumascadh a shainaithint; na feidhmeanna nua ba chóir a chur leis na feidhmeanna sin a shainaithint, mar aon leis na feidhmeanna, más ann, ar chóir scor díobh.

 

3. An tslí a dtéann na comhlachtaí atá ann faoi láthair i gcomhairle le húsáideoirí na seirbhíse a leagan amach; na bearta, más ann, a bheidh le déanamh chun leathnú a dhéanamh ar bhonn úsáideoirí na seirbhíse a leagan amach, mar aon leis an tslí ar fhóin próisis den sórt sin do phleanáil oibre gach eagraíochta, agus an tslí ar féidir feabhas a chur ar na comhshocraíochtaí sin chun críocha an CCDC a mholadh.

 

4. Comhairle a thabhairt maidir leis na modhanna nua a bhféadfadh an CCDC feidhm a bhaint astu le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chur i gcrích maidir le heolas, oideachas agus mar sin de a sholáthar i bhfianaise na taithí atá faighte ag an dá eagraíocht, ag cuimhneamh ar an staid fhoriomlán eacnamaíochta agus ar na costais a bhain le feachtais a reáchtáladh go nuige seo.

 

5. Scrúdú a dhéanamh ar na struchtúir inmheánacha atá ag an dá chomhlacht faoi láthair agus na hathruithe a bheidh ag teastáil sa CCDC a shainaithint.

 

6. An suíomh is fearr don CCDC a mholadh.

 

7. Comhairle a thabhairt maidir leis na comhshocraíochtaí foirne ab fhearr, ag cuimhneamh ar na nithe seo a leanas:

  • Prionsabail Pháras;
  • an gá atá le leanúnachas seirbhíse foirne a chinntiú;
  • an gá atá lena chinntiú go mbeidh na scileanna cuí ar fáil don Choimisiún agus go mbeidh na scileanna sin solúbtha go leor chun go mbeidh an Coimisiún in ann freagairt do dhúshláin nua, agus san am céanna deiseanna forbartha gairmréime a chur ar fáil don fhoireann;
  • an staid fhoriomlán reatha eacnamaíochta agus acmhainní teoranta an Rialtais.

 

8. Comhairle a thabhairt maidir leis an gcleachtas ab fhearr don CCDC le linn dóibh sainchuspóirí a bheartú agus maidir leis na táscairí feidhmíochta ba chóir a úsáid chun baint amach na gcuspóirí sin a thomhas.

 

9. Comhairle a thabhairt maidir leis na bealaí cuir chuige nó na modhanna ab fhearr chun athruithe a bhaint amach – mar shampla, úsáid níos mó a bhaint as cóid chleachtais nó as cásanna straitéiseacha chun athruithe a bhaint amach. An bhfuil dearcadh ann ar cé acu ceann a d’fhéadfadh an toradh ba mhó a bhaint amach. Bíonn baint ag an Stát le cásanna cúirte, bealach amháin nó bealach eile, de ghnáth. An mbeadh níos mó úsáide a bhaint as cóid chleachtais éifeachtach sa tsochaí leathan?

 

10. Comhairle a thabhairt maidir leis an bhfoirm cumhachtaí fiosrúcháin ab fhearr, agus, go háirithe, a bhreithniú, maidir leis an gcumhacht reatha fiosrúcháin, an mbeadh sé níos éifeachtaí dul leis an múnla a úsáideadh le haghaidh Chluana.

 

 

----------

Sásra le haghaidh Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann Chomhairle na NA um Chearta an Duine 

Eolas d'Athbhreithniú na hÉireann ar 6 Deireadh Fómhair 2011 

 

 

Cén sásra atá ann le haghaidh an Athbhreithnithe Thréimhsiúil Uilechoitinn?

 

Tá an tAthbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann (UPR) ar cheann de nuálaíochtaí móra Chomhairle na Náisiún Aontaithe (NA) um Chearta an Duine (a bunaíodh sa bhliain 2006 chun áit Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine a thógáil), trína ndéantar athbhreithniú ar thaifid intíre gach ceann de 192 Ballstát na NA a bhaineann le cearta an duine gach ceithre bliana.   Déantar athbhreithniú ar chás 48 tír gach bliain, ag tosú sa bhliain 2008, agus déantar 16 athbhreithniú le linn gach seisiún de chuid Mheitheal Oibre an UPR, a dhéantar a reáchtáil trí huaire sa bhliain.  Beidh Éire ar cheann de na 16 Stát deireanach ar a ndéanfar athbhreithniú.  Déanfar an chéad athbhreithniú ar Éirinn faoin UPR ar 6 Deireadh Fómhair 2011.  

 

Is í seo an chéad uair a ndéanfaidh Ballstáit eile de chuid na NA athbhreithniú ar thaifead na hÉireann um chearta an duine, seachas sainghrúpaí amhail Comhlachtaí Monatóireachta Conartha na NA, mar shampla, an Coiste um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú (CERD).   Déanfar an tAthbhreithniú i gcomhthéacs polaitíochta/taidhleoireachta seachas ar bhonn scrúdú saineolaithe a bheadh bunaithe ar oibleagáidí dlíthiúla idirnáisiúnta, mar a bheadh i gcás CERD, mar shampla.   Is í Meitheal Oibre an UPR, atá comhdhéanta de na 47 comhalta den Chomhairle um Chearta an Duine, a dhéanann na hathbhreithnithe.   Is féidir le haon Bhallstát den NA, áfach, cibé acu a toghadh chun na Comhairle iad nó nár toghadh, páirt a ghlacadh san idirphlé idirghníomhach (i.e. scrúdú iarbhír ar an Stát atá faoi athbhreithniú -  6 Deireadh Fómhair i gcás na hÉireann) agus ceisteanna i scríbhinn a chur isteach roimh an idirphlé idirghníomhach.   Déantar athbhreithniú gach Stáit a éascú le grúpaí de thrí Stát ó Mheitheal Oibre an UPR, ar a dtugtar an "troika", agus a fheidhmíonn i gcáil rapóirtéirí.  Roghnaítear na cineálacha troika do gach athbhreithniú Stáit trí chrannchur roimh gach seisiún de chuid na Meithle Oibre.  Táthar ag dréim go ndéanfar ionadaíocht ar Éirinn ag leibhéal na nAirí ag an Athbhreithniú a thionólfar in Oifig na NA sa Ghinéiv, ag an Palais des Nations.   

 

Is í an bhunaidhm atá ag an sásra UPR tosca chearta an duine i ngach tír a fheabhsú sa Stát féin agus aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar chearta an duine cibé áit ina dtarlaíonn siad.

 

 

Cad é atá de cheangal ar Rialtas na hÉireann a dhéanamh?

 

Beidh ar an Rialtas Tuarascáil Náisiúnta a chur i dtoll a chéile ar thosca chearta an duine sa tír faoi 4 Iúil 2011, agus beidh an tuarascáil sin le húsáid mar bhonn don Athbhreithniú (20 leathanach ar a mhéad). Tá  treoirlínte ginearálta comhaontaithe ag an gComhairle um Chearta an Duine le haghaidh stát agus ábhar á ullmhú acu don UPR, ina moltar leagan amach agus struchtúr leathan chun tuarascálacha náisiúnta a fhormhíniú (tá na treoirlínte seo in iarscríbhinn atá i gceangal leis an nóta seo).   Ba chóir go n-aithneofaí dúshláin agus srianta sa Tuarascáil Náisiúnta agus go dtabharfaí achoimre ar thiomantais inti chun na dúshláin agus na srianta sin a shárú.  Chomh maith le hachoimre a thabhairt ar an reachtaíocht reatha agus ar oibleagáidí idirnáisiúnta, ba chóir tiomantais agus gealltanais dheonacha a bhaineann le cur chun cinn agus cosaint chearta an duine in Éirinn a chur san áireamh freisin sa tuarascáil.

 

Ní mór don Rialtas próiseas leathan comhairliúcháin ag leibhéal náisiúnta a reáchtáil le gach páirtí leasmhar ábhartha le linn ullmhú na Tuarascála Náisiúnta.   Beidh ról tábhachtach ag an gcomhairliúchán le heagraíochtaí neamhrialtasacha (NGO) le linn ullmhú Thuarascáil Náisiúnta na tíre seo. Cuirfidh ár bpróiseas comhairliúcháin náisiúnta deis fhoirmiúil ar fáil don tsochaí shibhialta cur le hobair ullmhúcháin na hÉireann don UPR agus leis na bearta a leanfaidh an UPR. Mar an gcéad chéim sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí, ba é a bhí mar théama ag an bhFóram bliantúil NGO ar Chearta an Duine de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha, a reáchtáladh ar an Aoine, 10ú Nollaig 2010:     "Scrúdú na hÉireann faoi shásra an UPR ar 6 Deireadh Fómhair 2011".  Chun tuilleadh eolais a fháil, féach www.dfa.ie/index.aspx/id=317.

 

 

 

Cad air a bhfuil an tAthbhreithniú bunaithe?

 

Tá an tAthbhreithniú bunaithe ar oibleagáidí na hÉireann i ndáil le cearta an duine de réir ionstraimí na NA um chearta an duine agus ionstraimí eile (lena n-áirítear Cairt na Náisiún Aontaithe, Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, ionstraimí bainteacha na NA i ndáil le cearta an duine inar páirtí í Éire, dlí daonnúil idirnáisiúnta infheidhmithe, an Bunreacht, dlíthe intíre, agus aon ghealltanais nó tiomantais dheonacha a thug Éire.

 

Bunófar an tAthbhreithniú ar thrí dhoiciméad:

(i)  Tuarascáil Náisiúnta (thuasluaite);  

(ii)  tuarascáil thiomsaithe ullmhaithe ag Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (OHCHR) ar fhaisnéis atá le fáil i dtuarascálacha saineolaithe agus grúpaí neamhspleácha ar chearta an duine (ar a dtugtar na Nósanna Imeachta Speisialta), Comhlachtaí Monatóireachta Conartha um chearta an duine agus eintitis eile de chuid na NA; agus

(iii)  Tuarascáil curtha le chéile ag an OHCHR bunaithe ar fhaisnéis bhreise á soláthar ag páirtithe leasmhara eile - eagraíochtaí neamhrialtasacha, an tsochaí shibhialta agus Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine.  Tá an fhaisnéis seo le cur isteach faoin 21 Márta 2011.

 

Is féidir teacht ar shamplaí de na tuarascálacha atá curtha isteach ag Stáit a athbhreithníodh roimhe seo, chomh maith le doiciméadú bainteach eile tríd an nasc seo a leanas: http://www.ohchr.org/EN/HRBodies/UPR/Pages/UPRmain.aspx

 

 

 

Cén ról atá ag an tsochaí shibhialta?

An féidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha (NGO-anna) páirt a ghlacadh sa phróiseas UPR?

 

Tugann Oifig an Ard-Choimisinéara do Chearta an Duine achoimre ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn páirtithe leasmhara bainteacha (10 leathanach ar a mhéad), agus is ceann de na doiciméid é seo ar a mbunaítear an tAthbhreithniú. Is féidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha aighneachtaí a chur isteach a mbeadh tionchar acu ar thuarascáil na bpáirtithe leasmhara. I gcás Athbhreithniú na hÉireann, tá an fhaisnéis seo le cur isteach faoin 21 Márta 2011, níos mó ná trí mhí roimh sprioc-am Thuarascáil Náisiúnta na hÉireann.   

 

 Is féidir le haon Stát a mbíonn páirt acu san idirphlé idirghníomhach den athbhreithniú ag cruinniú na Meithle Oibre tagairt a dhéanamh d'fhaisnéis a sholáthair eagraíochtaí neamhrialtasacha.  Is féidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha freastal ar an idirphlé idirghníomhach chomh maith, ach ní bheadh deis cainte acu ann, agus is féidir leo ráitis a dhéanamh ag an seisiún rialta de chuid na Comhairle um Chearta an Duine nuair a dhéantar torthaí na n-athbhreithnithe Stáit a bhreithniú. Tá sraith "treoirlínte teicniúla maidir le haighneachtaí páirtithe leasmhara" foilsithe ag OHCHR.

 

Cuireann an próiseas UPR de cheangal ar Éirinn dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara bainteacha agus an Tuarascáil Náisiúnta á cur i dtoll a chéile againn. 

 

 

Cén ról atá ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine?

 

Is éard atá i gCoimisiún na hÉireann um Chearta an Duine (IHRC)"institiúid náisiúnta um chearta an duine (NHRI)" mar a thugtar air agus tá ról aige san obair ullmhúcháin d'Athbhreithniú na hÉireann, de réir mar a shamhlaítear le módúlachtaí comhaontaithe an phróisis UPR.  Tá ról leithleach ag an IHRC mar NHRI seachas an ról a bheadh ag eagraíochtaí neamhrialtasacha.  Cuirfidh an IHRC a thuarascáil féin isteach i mí an Mhárta 2011 chun go n-áireofar í nuair a thiomsófar faisnéis na bpáirtithe leasmhara. 

 

 

Cén chaoi a seolfar an tAthbhreithniú ar Éirinn?

 

Déanfar comhphlé idirghníomhach trí uair an chloig le hÉirinn sa Ghinéiv, 6 Deireadh Fómhair le linn an 12ú seisiún de Mheitheal Oibre an Athbhreithnithe Thréimhsiúil Uilechoitinn.  Is iondúil gur Aire Rialtais a dhéanann ionadaíocht thar ceann Stát le linn an chomhphlé idirghníomhaigh seo agus is amhlaidh a thacaíonn oifigigh ó Ranna éagsúla leis an Aire sin.  Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe, tugtar deis do Bhallstáit eile na Náisiún Aontaithe ceisteanna i scríbhinn a chur (ní mór iad a chur isteach deich lá ar a laghad roimh an gcomhphlé idirghníomhach) agus ceisteanna ó bhéal agus moltaí a chur (le linn an chomhphlé idirghníomhaigh) faoi bhráid na hÉireann. 

Cé go bhfuil treoirlínte ann do thiomsú tuarascálacha náisiúnta (féach alt 3 thuas), níl liosta de cheannteidil ná de théamaí do thuarascálacha náisiúnta sna treoirlínte seo. Mar sin féin, d’fhéadfadh an liosta seo a leanas a bheith ina chabhair:

 

A. Comhoibriú le sásra a bhaineann le cearta an duine 

B. Oibleagáidí idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm a bhaineann le cearta an duine

1. Comhionannas agus neamh-idirdhealú 

2. Ceart chun na beatha, na saoirse agus na slándála ag an duine

3. Riar an cheartais agus riail an dlí 

4. Ceart saoirse reiligiúin agus creidimh  

5. Ceart chun páirt a ghlacadh sa saol poiblí agus sa pholaitíocht 

6. Ceart chun príobháideachta, saol pósta agus saol teaghlaigh 

7. Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus tionól go síochánta

8. Ceart chun na hoibre agus dálaí córa fabhracha oibre 

9. Ceart chun slándála sóisialta agus caighdeán sásúil maireachtála 

10. Ceart chun sláinte 

11. Ceart chun áitribh 

12. Cearta an Linbh 

13. Cearta na mBan 

14. Gáinneáil 

15. Cearta gnéis 

16. Cearta an duine agus an fhrithsceimhlitheoireacht 

17. Ceart chun oideachais 

18. Mionlaigh 

19. Imircigh, teifigh agus lucht iarrtha tearmainn 

20. Comhoibriú idirnáisiúnta 

21. Tosca a bhaineann le hÉirinn go sonrach 

 

De réir na taithí atá ag Stáit eile go dtí seo, creidtear go gcuirfidh idir 50 agus 55 Ballstát na NA ceisteanna agus go ndéanfaidh siad níos mó ná 100 moladh.    Cuirfear toradh an Athbhreithnithe in iúl in “Tuarascáil Torthaí”, a chuirfidh Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine (OHCHR) i dtoll a chéile agus tabharfar sa tuarascáil achoimrear an bplé, lena n-áirítear na ceisteanna, tuairimí agus moltaí a chuirtear faoi bhráid na hÉireann, mar aon le sonraí na moltaí sin lenar ghlac Éire sa chomhphlé idirghníomhach.   Dhá lá tar éis an chomhphlé idirghníomhaigh, cruinneoidh an Chomhairle um Chearta an Duine (HRC) le chéile ar feadh leathuaire chun glacadh leis an Tuarascáil Torthaí.   Beidh deis ag an Stát atá faoi athbhreithniú ráitis tosaigh a thabhairt ar na moltaí agus a roghnú cibé acu a ghlacfaidh siad leo nó a dhiúltóidh siad dóibh.  Cuirtear an dá chineál moltaí san áireamh sa Tuarascáil, moltaí a nglactar leo agus a ndiúltaítear dóibh.  Tar éis glacadh leis an Tuarascáil, is féidir le Stáit mionathruithe eagarthóireachta a dhéanamh ar an tuarascáil i dtaobh a gcuid ráiteas féin laistigh de choicís.

 

 

Glacfar leis an Tuarascáil go críochnaitheach agus go foirmiúil i seisiún iomlánach de chuid na Comhairle um Chearta an Duine (i gcás na hÉireann, is dócha go dtionólfar an 19ú seisiún den Chomhairle i Márta 2012).  Le linn an tseisiúin iomlánaigh, is féidir leis an stát atá faoi athbhreithniú ceisteanna agus saincheisteanna a fhreagairt nár tugadh aghaidh orthu go leor le linn an tseisiúin de Mheitheal Oibre an Athbhreithnithe Thréimhsiúil Uilechoitinn agus is féidir leis freagra a thabhairt ar na moltaí a rinne stáit eile le linn an Athbhreithnithe.  Tabharfar am freisin do bhallstáit agus do Stáit bhreathnadóireachta atá ag iarraidh a dtuairimí a nochtadh faoi thoradh an Athbhreithnithe agus d’Eagraíochtaí Neamhrialtasacha agus do pháirtithe leasmhara eile ráiteas ginearálta a thabhairt.  Ní bheidh cead ach ag na heagraíochtaí neamhrialtasacha sin amháin a aithníonn na Náisiúin Aontaithe idiragairt sa seisiún iomlánach deiridh faoi fheidhmíocht na hÉireann san Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann (UPR).

 

 

Cad iad na bearta a bheidh le cur i gcrích le linn na gceithre bliana idir athbhreithnithe?

 

Is é an Stát a bheidh freagrach go príomha as na moltaí atá sa toradh deiridh a chur i bhfeidhm.  Nuair a dhéanfar an dara hathbhreithniú ar Stát, ní mór don Stát faisnéis a sholáthar ar an gcaoi ina raibh sé ag iarraidh na moltaí a rinneadh le linn a chéad Athbhreithnithe ceithre bliana roimhe sin a chur i bhfeidhm.  

 

Is Stát is páirtí sna hionstraimí seo a leanas a bhaineann le cearta an duine í Éire:

  • Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (http://www2.ohchr.org/english/law/ccpr.htm) 
  • Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (http://www2.ohchr.org/english/law/cescr.htm)
  • Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú (http://www2.ohchr.org/english/law/cerd.htm)
  • Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú (http://www.un.org/womenwatch/daw/cedaw/text/econvention.htm)
  • Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chearta an Linbh (http://www2.ohchr.org/english/law/crc.htm)
  • Coinbhinsiún Idirnáisiú ;nta in aghaidh Céastóireachta agus Íde nó Pionóis atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach (http://www.hrweb.org/legal/cat.html) 
  • Coinbhinsiún ar Chosc agus Pionósú Choir an Chinedhíothaithe (http://www2.ohchr.org/english/law/genocide.htm)
  • Prótacal Roghnach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (http://www2.ohchr.org/english/law/pdf/ccpr-one.pdf)
  • Prótacal Roghnach 2 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (http://www2.ohchr.org/english/law/ccpr-death.htm)
  • Prótacal Roghnach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chearta an Linbh (Coinbhleacht Armtha) (http://www2.ohchr.org/english/law/crc-conflict.htm)
  • Prótacal Roghnach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú (http://www.un.org/womenwatch/daw/cedaw/protocol/text.htm)

 

Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann ar Éirinn – Dátaí Tábhachtacha

21 Márta 2011

Sprioc-am le haghaidh Páirtithe Leasmhara Aiseolas a Chur Isteach

4 Iúil 2011

Sprioc-am le haghaidh Thuarascáil Náisiúnta na hÉireann a Chur Isteach

6 Deireadh Fómhair 2011

Athbhreithniú ar Éirinn sa Ghinéiv

10 Deireadh Fómhair 2011

Meitheal Oibre an Athbhreithnithe Thréimhsiúil Uilechoitinn le glacadh leis an Tuarascáil Torthaí

Márta 2012 (le deimhniú)

An Chomhairle um Chearta an Duine le glacadh leis an Tuarascáil Torthaí

 

 

 

IARSCRÍBHINN

 

 An Chomhairle um Chearta an Duine 

Cinneadh 6/102. Bearta a leanann de Rún 5/1 de chuid na Comhairle um Chearta an Duine 

Ag a 20ú cruinniú, an 27 Meán Fómhair 2007, chinn an Chomhairle um Chearta an Duine, gan vótáil, glacadh leis na nithe seo a leanas:

“I. TREOIRLÍNTE GINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS A ULLMHÚ FAOIN ATHBHREITHNIÚ TRÉIMHSIÚIL UILECHOITEANN 

“Á n-athdhearbhú di forálacha cuí, a bhaineann leis an athbhreithniú tréimhsiúil uilechoiteann, rún 60/251 ón gComhthionól Ginearálta an 15 Márta 2006 agus rún 5/1 ón gComhairle um Chearta an Duine an 18 Meitheamh 2007 ina bhfuil an pacáiste forbartha institiúidí, glacann an Chomhairle leis na Treoirlínte Ginearálta seo a leanas:

A. Tuairisc ar an modheolaíocht agus ar an bpróiseas leathan comhairliúcháin a leantar le haghaidh ullmhú faisnéise a chuirtear ar fáil faoin athbhreithniú tréimhsiúil uilechoiteann; 

B. Cúlra na tíre atá faoi athbhreithniú agus creatlach, go háirithe creatlach institiúideach agus normatach, chun cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn: bunreacht, reachtaíocht, bearta i ndáil le beartas, dlí-eolaíocht náisiúnta, bonneagar a bhaineann le cearta an duine, lena n-áirítear institiúidí náisiúnta um chearta an duine agus raon feidhme na n-oibleagáidí idirnáisiúnta a shainaithnítear “sa bhonn atá leis an athbhreithniú” [“basis of review”] in Alt IA san iarscríbhinn a ghabhann le rún 5/1;

C. Cearta an Duine a chosaint agus a chur chun cinn sa tír féin: Oibleagáidí idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm abhaineann le cearta an duine a shainaithnítear sa “bhonn atá leis an athbhreithniú” in IA san iarscríbhinn a ghabhann le rún 5/1, reachtaíocht náisiúnta agus gealltanais dheonacha, gníomhaíochtaí institiúidí náisiúnta um chearta an duine, feasacht an phobail ar chearta an duine, comhoibriú le sásra a bhaineann le cearta an duine ....;

D. Gnóthachtálacha, an cleachtas is fearr, dúshláin agus srianta a shainaithint;

E. Na tosaíochtaí náisiúnta, na tionscnaimh agus na gealltanais is tábhachtaí a bheartaíonn an Stát lena mbaineann a ghlacadh air féin chun na dúshláin agus na srianta sin a shárú agus na tosca a bhaineann le cearta an duine sa stát féin a fheabhsú;

F. A mhéid atá an Stát lena mbaineann ag súil le haon chabhair theicniúil i dtéarmaí forbartha acmhainne agus iarrataí, más ann dóibh;

G. Cur i láthair ag an Stát lena mbaineann ar na bearta a leanann den athbhreithniú a rinneadh roimhe seo.

 

 -----

 

Tionóladh Fóram Eagraíochtaí Neamhrialtasacha (NGO) na Roinne Gnóthaí Eachtracha um Chearta an Duine 2010 Dé hAoine, 10 Nollag 2010 san Ionad Cohmdhála, Baile Átha Cliath.

An téama díospóireachta ná: Athbhreithniú ar Éirinn faoin bpróiseas a bhaineann le hAthbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann (UPR) Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine.

 

Tá Tuarascáil an Fhóraim ar fáil anseo (PDF 616kb)




^ Ar ais go barr

©CÓIPCHEART: An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, 2011