Leagan le haghaidh priontáil
Untitled document

Inrochtaineacht

 

Tá an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais tiomanta don leibhéal Double-A a bhaint amach i dtaca le comhlíonadh na dtreoirlínte seo: Web Content Accessibility Guidelines a d’fhorbair an Tionscnamh Inrochtaineachta Gréasáin (WAI) agus tá an Roinn tiomanta freisin do chomhlíonadh na dtreoirlínte seo National Disability Authority IT Accessibility Guidelines .  Tá cur síos thíos ar roinnt de na gnéithe atá san áireamh chun cuidiú le daoine faoi mhíchumas. 

 

An Eochair Táib in úsáid chun léim idir naisc

Is féidir leat an eochair Táib ar do mhéarchlár a úsáid chun léim ó nasc amháin go dtí an chéad cheann eile. Bíonn gach barra nascleanúna ar an suíomh in ord loighciúil chuige seo.

 

Formáidí Doiciméad

Tá go leor de na foilseachán ar an suíomh gréasán seo ar fáil i bhformáid PDF ionas go mbeidh sé níos éasca ábhar a léamh agus a phriontáil as líne.  Ní bhíonn daoine faoi mhíchumas ábalta teacht go héasca ar an bhformáid seo i gcónaí.  Chuige sin thugamar achoimrí ar fhormhór na ndoiciméad agus is iarracht í chun formáid mhalartach de na doiciméid PDF a chur ar fáil.  Is gá Adobe Reader a bheith agat ar do ríomhaire chun doiciméid PDF a léamh. Íoslódáil Adobe Reader saor in aisce.

 

Íomhánna

Tá tréithe tuairisciúla ALT le gach íomhá mhaisiúil agus leis an ábhar ar fad ar an suíomh seo. Cuirtear teidil ALT ar fáil chun an t-ábhar nó cuspóir na híomhá atá i gceist a mhíniú.

 

Deán Teagmháil Linn

Má bhíonn aon deacrachtaí agat ag úsáid an tsuímh seo, cuir ar an eolas muid, le do thoil, trí ríomhphost a sheoladh chuig  info@upr.ie.

 




^ Ar ais go barr

©CÓIPCHEART: An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, 2011